keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 51
- airteagal 26
- chun 21
- bhforáiltear 16
- eile 15
- cearta 14
- mír 13
- feidhm 12
- bhfuil 12
- maidir 11
- ballstáit 11
- threoir 10
- treoir 10
- //ce 9
- faoi 8
- atá 8
- beidh 7
- oibleagáid 7
- gcás 7
- saothar 7
- ábhar 6
- bheidh 6
- críocha 6
- taighde 6
- sonraí 6
- téacsanna 5
- cirt 5
- úsáid 5
- nach 5
- chur 5
- dhéanfar 5
- saothair 5
- bearta 4
- bhfeidhm 4
- fhomhír 4
- leis 4
- fhoráil 4
- faisnéis 4
- bpreasfhoilseachán 4
- údair 4
- chéad 4
- sealbhóirí 4
- arna 4
- déanfaidh 4
- mhír 4
- líne 3
- agairt 3
- faisnéise 3
- dáta 3
- taibhithe 3
Airteagal 3
Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.
2. Cóipeanna de shaothair nó d'ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.
3. beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
4. Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.
Airteagal 4
Eisceacht nó teorainn le haghaidh mianadóireacht téacsanna agus sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó le teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE agus Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus Airteagal 15(1) den Treoir seo i ndáil le hatáirgí agus asbhaintí de shaothair agus ábhar eile a bhfuil rochtain go dleathach orthu chun críocha mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
2. Atáirgí agus asbhaintí a dhéantar de bhun mhír 1, féadfar iad a choinneáil chomh fada agus is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
3. beidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil úsáid na saothar nó an ábhair eile dá dtagraítear sa mhír sin faoi fhorchoimeád go sainráite ag a sealbhóirí cirt ar mhodh iomchuí, amhail meáin mheaisín-inléite i gcás inneachar a chuirtear ar fáil ar líne go poiblí.
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 3 den Treoir seo.
Airteagal 7
Forálacha coiteanna
1. Aon fhoráil chonarthach atá contrártha do na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 3, 5 agus 6, beidh siad neamh-infheidhmithe.
2. beidh feidhm ag Airteagal 5(5) de Threoir 2001/29/CE maidir leis na heisceachtaí agus teorainneacha dá bhforáiltear faoin Teideal seo. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, an tríú agus an cúigiú fomhír d'Airteagal 6(4) de Threoir 2001/29/CE maidir le hAirteagail 3 go 6 den Treoir seo.
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
Airteagal 15
Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne
1. Déanfaidh na Ballstáit na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.
Ní bheidh feidhm ag na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.
An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.
Na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.
2. Leis na cearta dá bhforáiltear i mír 1, fágfar slán na cearta dá bhforáiltear i ndlithe an Aontais d'údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agus ní dhéanfar difear leo ar aon slí do cheann ar bith de na cearta sin. Na cearta dá bhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.
Nuair a bhíonn saothar nó ábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saothar nó ábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.
3. beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Rachaidh na cearta dá bhforáiltear i mír 1 in éag 2 bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh 6 Meitheamh 2019.
5. Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.
Airteagal 19
Oibleagáid trédhearcachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdair agus na taibheoirí ar bhonn rialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus sainiúlachtaí gach earnála á gcur san áireamh, faisnéis chothrom le dáta, ábhartha agus chuimsitheach maidir le saothrú a saothar agus taibhithe ó na páirtithe sin dá bhfuil a gcearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe acu nó óna gcomharbaí i dteideal, go háirithe maidir le modhanna saothraithe, leis na hioncaim iomlána a ghintear agus leis an luach saothair a bheidh dlite.
2. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn na cearta dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi cheadúnas ina dhiaidh sin go bhfaighidh údair agus taibhithe nó a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis bhreise ó na focheadúnaithe i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a bheadh riachtanach chun críocha mhír 1 i seilbh an chéad chontrapháirtí chonarthaigh.
I gcás ina n-iarrtar faisnéis breise den sórt sin, déanfaidh céad chontrapháirtí conarthach na n-údar agus na dtaibheoirí faisnéis a sholáthar maidir le céannacht na bhfocheadúnaithe sin.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéantar aon iarraidh ar fhocheadúnaithe de bhun na chéad fhomhíre go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
3. beidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 comhréireach agus éifeachtach chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngach earnáil. I gcásanna cuí-réasúnaithe ina dtiocfadh an t-ualach riaracháin mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 chun bheith díréireach i bhfianaise na n-ioncam a ghintear trí shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil an oibleagáid teoranta do chineálacha agus leibhéal na faisnéise is féidir a bheith ag súil léi go réasúnach i gcásanna den sórt sin.
4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh an rannchuidiú ón údar nó ón taibheoir suntasach ag féachaint don saothar nó taibhiú foriomlán, ach amháin má léiríonn an t-údar nó an taibheoir go bhfuil an fhaisnéis seo ag teastáil uaidh nó uaithi chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 20(1) agus go n-iarrann sí nó sé an fhaisnéis chun na críche sin.
5. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás comhaontuithe atá faoi réir nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála, go mbeadh rialacha trédhearcachta an chomhaontaithe cómhargála ábhartha infheidhme ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.
6. Sa chás go mbíonn Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE infheidhme, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt chun críche ag eintitis arna sainiú in Airteagal 3(a) agus (b) den Treoir sin nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.
Airteagal 26
Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
1. beidh feidhm ag an Treoir seo i leith gach saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint ag an dlí náisiúnta i réimse an chóipchirt an 7 Meitheamh 2021 nó i ndiaidh an dáta sin.
2. beidh feidhm ag an Treoir gan dochar d'aon ghníomhartha a cuireadh i gcrích agus d'aon chearta a fuarthas roimh an 7 Meitheamh 2021.
whereas